Login or Join

Podchraoladh Videos

newest 100 podchraoladh videos / podchraoladh widget | Video feed for podchraoladh

Videos 1 to 20

Bás Múch Ort!  (Seachtain na Gaeilge i gContae an Chláir)

Bás Múch Ort! (Seachtain na Gaeilge i gContae an Chláir)

from An tImeall on March 04, 2009
Duration: 0
Tá Athmhuscailt an Imill ar na bacáin (athuair!) Ach idir an dá linn agus in onóir Sheachtain na Gaeilge, seo blaiseadh beag ón bpost lae atá agam na laethanta seo. Tá cnuasach beag deas nathanna nádúrtha cainte ón dteanga bheo á chur le céile agam le haghaidh Clár an Bhricfeasta ar Clare FM. Níor mhiste iad a phodchraoladh anseo, sílim, le linn Seachtain na Gaeilge.
also in:                              


An tImeall # 195: Aistir Aisteacha

An tImeall # 195: Aistir Aisteacha

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Inniu ar An tImeall, léann Conn alt na seachtaine ó Lá Nua, agus labhraíonn sé le Bríd faoi blagadóireacht. Píosa ceol inniu dar ainm "Driving To you", ó Christopher Dallman. Scríofa ag Conn agus foilsithe in eagrán an lae inniu de Lá Nua Ag Coinneáil Teagmhála Má tá tú ar laethanta saoire nó ag ag taisteal, is deacair an t-idirlíon a shárú. Ach go h-áirithe, más aistear aisteach atá ar bun agat, rud éigin as an ngnáth, is mór an áis iad blaganna agus suíomhanna féin-fhoilsithe dá leithéid chun cáirde agus clann a choimeád ar an eolas faoi do chuid eachtraí. Luamar Roz Savage cheana. Sin í an bhean atá ar a bealach trasna an Aigéin Chiúin ag rámháiocht ina h-aonar. Ba mhór an sásamh dom a chlos gur bhain sí Hawaii amach tar éis nach mór 100 lá a chaiteamh ó d'fhág sí San Francisco. Is féidir eachtraí Roz a leanúint ag rozsavage.com. Is dócha nach bhfuil an chrógacht chéanna ag teastáil ón dtriúir sa jíp atá ag insint a gcuid eachtraí ar threeladsinajeep.com. Ach is aistear de shaghas éigin eile ar fad atá i gceist acu. Cé go raibh dúshláin a dóthain ag Roz ina báidín, is í féin an t-aon phearsa a bhí sa scéal. Bheifí ag súil leis go gcasfar go leor daoine suimiúla ar na leaids ar a mbealach go dtí an Astráil as Éirinn. D'fhág siad an tír coicíos ó shin agus táid san Iodáil faoi láthair. Fuaireas ríomhphost ó mo dheartháir ar maidin ag insint dom faoi aistear cróga eile: triúir as Corcaigh (is eol dom Ciarraíoch amháin ina measc!) atá ag fágaint an bhaile inniu ar chamchuairt na tíre. Seo iad foireann an tseanchairr dearg, nó Team WRC ("Wrecked Red Car"). Sé atá sa WRC seo ná Opel Astra ó 1993, agus a ceannaíodh ar €50. 1600 míle a bheidh i bhfad an turais seo, ó Chorcaigh go Béal Feirste (tríd Loch Garman), as sin go Leitir Ceannainn, Cathair na Mart,Trá Lí agus Cionn tSáile. Cinnte, ní bheidh siad i mbaol a mbáite cosúil le Roz Savage, ach leis an aimsir a bhí againn le déanaí, is dócha gur maith an rud é mar sin féin go bhfuil máirneálach i measc an triúir! Is ar mhaithe le hIonad Taighde Ailse Chorcaí a bheidh Team WRC ag iarraidh airgead a bhailiú ar an dturas, tá tuilleadh eolais ar an suíomh acu ar freewebs.com/wreckedredcar, agus beifear in ann a rian a leanúint ar an suíomh sin le cabhair rabhchán raido atá ar bord acu.
also in:                              


Imeall #194: Podchraoladh an Lae

Imeall #194: Podchraoladh an Lae

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Níl caighdeán an phictiúir seo ró-mhaith. Roghnaíos caighdeán íseal físe d'aon ghnó i dtreo is go mbeadh caighdeán árd fuaime ann.Alt na seachtaine seo do Lá NuaCeol Podslán: Super Wonderful le Will Deynes
also in:                              


An tImeall #193: Rhona Ní Chearbhaill

An tImeall #193: Rhona Ní Chearbhaill

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Inniu ar an tImeall, labhraíonn Bríd le Rhona Ní Cearbhaill, múinteoir agus amhránaí ón gCeathrú Rua, faoin amhránaíocht agus faoin gceoil. Casann Rhona an tamhrán 'Bríd Óg Ní Mhaille'.
also in:                              


An tImeall #191: Féílte Ceoil an tSamhraidh

An tImeall #191: Féílte Ceoil an tSamhraidh

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Súil chun tosaigh ar féilte ceoil traidisiúnta an tSamhraidhAg tosnú inniu - Ballyshannon Folk and Traditional Music Festival. Dervish, Eleanor Shanley, Morga, Dave Munnelly Band, Eleanor McEvoy, Téada, Four Men and a Dog, Jim McKee agus London Lasses ag seinim ann.Ag tosnú inniu fosta, The World Fleadh...an-ceoltóirí ar fad ag seinim ann, Shane McGowan, Sharron Shannon, Damien Dempsey, Mundy, Frankie Gavin, The Wolf Tones, Seamas Begley, Lúnasa, Gráda agus Máirtín O'Connor ina measc.Electric Picnic 2008, ón 29 go stí an 32 de mhí Lúnasa.The Gig in the Bann, Portglenone, Co Aontroime, ón 4 go stí and 7 la de mhí Mhean Fomhair.Píosa ceol ó Jim Mckee - 'Gone Fishing'. Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
also in:                              


An tImeall #190: An Todhchaí Digiteach

An tImeall #190: An Todhchaí Digiteach

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Ag craoladh beo ó Studio nua Edgecast MediaTogra nua: Eureka! - Sraith úr eolaíachta, dírithe ar scoláirí méanscoile a bheas á chraoladh ar RTE Ráidió na Gaeltachta i mí Méan FomhairTuilleadh forbairt ar www.anlíonra.net - is fiú go mór blag Cáit Ní Mhaolain a seiceáil amach - cur síos ar na heachtrái a bhíonn aici ar an mbus ata ann!Comhrá idir Conn agus Bríd faoin todchaí digiteach agus faoin dá suíomh, plean2028.ie agus iiea.com/digital. Agus ceol ó Foy Vance: Shed a Little Light. Is féidir an t-amhrán sin a cheannach ar 99c ó downloadmusic.ieLipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
also in:                                


Imeall #189: Agallamh Beirte

Imeall #189: Agallamh Beirte

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Bríd agus Conn le chéile ar An tImeallPlean úr do An tImeall. 2 chlár in aghaidh na seachtaineTuilleadh eolas faoi An Líonra. Beifear ag cloí leis an ainmCeol ó Dust Rhinos: Big Man Silvest!Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
also in:                                


Imeall #188: An Líonra & Scéalta Eile

Imeall #188: An Líonra & Scéalta Eile

from An tImeall on January 05, 2009
Duration: 0
Athmhuscailt an phodchraolaidh seo. Fáilte go dtí an seó! Fáilte roimh BhrídAnLionra.net - suíomh sóisialta nua na Gaeilge An chúis go bhfuil ainm nua á lorg againn don LíonraTá obair fós le déanamh ar ghaelú an chórais. Bogearra nua chugainn i gceann cúpla mi a dhéanfaidh beart níos fearr de. Beidh na teachtaireachtaí ríomhphoist, a fhaightear ón gcóras, i nGaeilge faoin am sin.Abair.ie - sintéiseoir urlabhra i nGaeilge (Buíochas do Abigail a raibh an scéal aici!)Ceol: All The Little Things le caoinchead Martin Saunders agus i gcomhair le MyHost.ieLipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, anlionra Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
also in:                                  


Beochraoladh Idirlín

Beochraoladh Idirlín

from An tImeall on August 14, 2008
Duration: 0
Bhíos ar cúpla lá saoire an tseachtain seo chaite: faoiseamh beag ón idirlíon agus ón dteicneolaíocht. Táim ar ais i mbun oibre, agus an-shuim á chur agam i gcórais bheochraolta físe ar an idirlín. Luaigh mé justin.tv cheana, agus Qik, an stáisiún teilifíse "i do phóca", a oibríonn ar fón póca. Tá ag éirí go maith le Qik: an chuid daoine ag baint úsáid as toisc a eásca agus atá sé fón a láimhseáil, seachas ríomhaire agus ceamara gréasán. Agus anois tá comhlacht Éireannach ag dul san iomaíocht le Qik: UBCam ó Chontae Loch Garman. Le UBCam is féidir fís a bheochraoladh ó do ríomhaire, nó ó d'fhón póca. Tá liosta na bhfón lena n-oibríonn sé le fáil ar ubcam.com. Tá roinnt córas eile ar an saol a chuidíonn leat clár níos castaí agus níos taibhsí a chraoladh - mar shampla le ceamaraí éagsúla, agus rannpháirtíocht an lucht féachana. Ina measc tá mogulus.com, a fuair infheistíocht $10m le déanaí ó chomhlacht nuachtán, agus stickam.com. Tá feidhmeanna agus féidireachtaí éagsúla ag na seirbhísí seo. Is minic comhlachtaí meáin chumarsáide traidisiúnta ag baint úsáid astu, mar shampla stáisiúin raidio ag cur ceamara físe sa stiúidíó. Staísiún raidio a dheineann seo ná liveireland.com. Tá lucht éisteachta acu seo ar fud an domhain - ach ní féidir iad a chlos ar ghnáth-ghleás raidio. Ar an idirlíon amháin atá sruth fuaime agus físe an stáisiúin seo. Agus mé ag caint ar fhíseanna - tá físeán iontach ar an suíomh AnLionra.net, suíomh sóisialta na Gaeilge. Dhein Breandán Ó Labhaois ó Bhaile Átha Cliath fís-thuairisc an suntasach faoin dturas a thug sé go Gleann Cholmcille ag cur feabhas ar a chuid Gaeilge. Tá sé ar fáil ag pobal.anlionra.net/ilteangach. Cuirfidh mé ar fáil inniu é ar imeall.com chomh maith, mar aon le físeán suntasach eile a chonaic mé le déanaí. Ar chuala sibh faoin bhfear a chláraigh an frás "saoirse cainte" mar mar thrádmhairc i dtreo is go mbeadh cosc (go teoiriciúil ar aon nós) ar dhaoine eile na focail sin á úsáid? Is amhlaidh go raibh sé ag iarraidh cás a chur in aghaidh srianta cóipchirt agus maoine intleachtúil ar an gcúis go gcuireann siad bac mí-réasúnta le núálaíocht agus leis an saoirse cainte féin. Mar chríoch, seo nasc go dtí suíomh fíor-thaibhseach, blag griangrafadóireachta le Trey Ratcliff ag stuckincustoms.com. Pictiúirí áille, portráidí agus tírdhreachanna le fear a dheineann cuid mhaith taistil, is cosúil. Bhí sé i Chernobyl le déanaí agus is fiú go mór na pictiúirí a thóg sé sa talamh tréigthe a fheiscint. Lipéid: irishblogs, gaeilge, fís
also in:                                  


An tImeall #192: Liz Davis, ceoltóir R n B

An tImeall #192: Liz Davis, ceoltóir R n B

from An tImeall on August 07, 2008
Duration: 0
Inniu labhraíonn Bríd le Liz Davis, ceoltóir Eireannach R n B, faoi ceol s'aici agus conas mar a cuireann sí í féin chun tosaigh ar shuíomhanna cosúil le MySpace agus downloadmusic.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Liz ag www.myspace.com/lizdavisdublin. Cloistear In Here, amhrán a chum Liz féin.
also in:                              


An tImeall # 190: An Todhchaí Digiteach

An tImeall # 190: An Todhchaí Digiteach

from An tImeall on July 25, 2008
Duration: 0
Ag craoladh beo ó Studio nua Edgecast MediaTogra nua: Eureka! - Sraith úr eolaíachta, dírithe ar scoláirí méanscoile a bheas á chraoladh ar RTE Ráidió na Gaeltachta i mí Méan FomhairTuilleadh forbairt ar www.anlíonra.net - is fiú go mór blag Cáit Ní Mhaolain a seiceáil amach - cur síos ar na heachtrái a bhíonn aici ar an mbus ata ann!Comhrá idir Conn agus Bríd faoin todchaí digiteach agus faoin dá suíomh, plean2028.ie agus iiea.com/digital. Agus ceol ó Foy Vance le 'Shed A Little Light'- seiceáil amach a leathanach myspace agus a leathanach ar downloadmusic.ie. Buíochas go downloadmusic.ie as an traic! Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
also in: