|
|
|
|
(What is irishblogs? - Edit Wiki)
Videos 1 to 27
Beochraoladh Idirlín
from An tImeall August 14, 2008
Bhíos ar cúpla lá saoire an tseachtain seo chaite: faoiseamh beag ón idirlíon agus ón dteicneolaíocht. Táim ar ais i mbun oibre, agus an-shuim á chur agam i gcórais bheochraolta físe ar an idirlín. Luaigh mé justin.tv cheana, agus Qik, an stáisiún teilifíse "i do phóca", a oibríonn ar fón póca. Tá ag éirí go maith le Qik: an chuid daoine ag baint úsáid as toisc a eásca agus atá sé fón a láimhseáil, seachas ríomhaire agus ceamara gréasán. Agus anois tá comhlacht Éireannach ag dul san iomaíocht le Qik: UBCam ó Chontae Loch Garman. Le UBCam is féidir fís a bheochraoladh ó do ríomhaire, nó ó d'fhón póca. Tá liosta na bhfón lena n-oibríonn sé le fáil ar ubcam.com. Tá roinnt córas eile ar an saol a chuidíonn leat clár níos castaí agus níos taibhsí a chraoladh - mar shampla le ceamaraí éagsúla, agus rannpháirtíocht an lucht féachana. Ina measc tá mogulus.com, a fuair infheistíocht $10m le déanaí ó chomhlacht nuachtán, agus stickam.com. Tá feidhmeanna agus féidireachtaí éagsúla ag na seirbhísí seo. Is minic comhlachtaí meáin chumarsáide traidisiúnta ag baint úsáid astu, mar shampla stáisiúin raidio ag cur ceamara físe sa stiúidíó. Staísiún raidio a dheineann seo ná liveireland.com. Tá lucht éisteachta acu seo ar fud an domhain - ach ní féidir iad a chlos ar ghnáth-ghleás raidio. Ar an idirlíon amháin atá sruth fuaime agus físe an stáisiúin seo. Agus mé ag caint ar fhíseanna - tá físeán iontach ar an suíomh AnLionra.net, suíomh sóisialta na Gaeilge. Dhein Breandán Ó Labhaois ó Bhaile Átha Cliath fís-thuairisc an suntasach faoin dturas a thug sé go Gleann Cholmcille ag cur feabhas ar a chuid Gaeilge. Tá sé ar fáil ag pobal.anlionra.net/ilteangach. Cuirfidh mé ar fáil inniu é ar imeall.com chomh maith, mar aon le físeán suntasach eile a chonaic mé le déanaí. Ar chuala sibh faoin bhfear a chláraigh an frás "saoirse cainte" mar mar thrádmhairc i dtreo is go mbeadh cosc (go teoiriciúil ar aon nós) ar dhaoine eile na focail sin á úsáid? Is amhlaidh go raibh sé ag iarraidh cás a chur in aghaidh srianta cóipchirt agus maoine intleachtúil ar an gcúis go gcuireann siad bac mí-réasúnta le núálaíocht agus leis an saoirse cainte féin. Mar chríoch, seo nasc go dtí suíomh fíor-thaibhseach, blag griangrafadóireachta le Trey Ratcliff ag stuckincustoms.com. Pictiúirí áille, portráidí agus tírdhreachanna le fear a dheineann cuid mhaith taistil, is cosúil. Bhí sé i Chernobyl le déanaí agus is fiú go mór na pictiúirí a thóg sé sa talamh tréigthe a fheiscint. Lipéid: irishblogs, gaeilge, fís
|
An tImeall # 190: An Todhchaí Digiteach
from An tImeall July 25, 2008
Ag craoladh beo ó Studio nua Edgecast MediaTogra nua: Eureka! - Sraith úr eolaíachta, dírithe ar scoláirí méanscoile a bheas á chraoladh ar RTE Ráidió na Gaeltachta i mí Méan FomhairTuilleadh forbairt ar www.anlíonra.net - is fiú go mór blag Cáit Ní Mhaolain a seiceáil amach - cur síos ar na heachtrái a bhíonn aici ar an mbus ata ann!Comhrá idir Conn agus Bríd faoin todchaí digiteach agus faoin dá suíomh, plean2028.ie agus iiea.com/digital. Agus ceol ó Foy Vance le 'Shed A Little Light'- seiceáil amach a leathanach myspace agus a leathanach ar downloadmusic.ie. Buíochas go downloadmusic.ie as an traic! Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #189: Agallamh Beirte
from An tImeall June 13, 2008
Bríd agus Conn le chéile ar An tImeallPlean úr do An tImeall. 2 chlár in aghaidh na seachtaineTuilleadh eolas faoi An Líonra. Beifear ag cloí leis n ainmCeol ó Dust Rhinos: Big Man Silvest!Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #188: An Líonra & Scéalta Eile
from An tImeall June 01, 2008
Athmhuscailt an phodchraolaidh seo. Fáilte go dtí an seó! Fáilte roimh BhrídAnLionra.net - suíomh sóisialta nua na Gaeilge An chúis go bhfuil ainm nua á lorg againn don LíonraTá obair fós le déanamh ar ghaelú an chórais. Bogearra nua chugainn i gceann cúpla mi a dhéanfaidh beart níos fearr de. Beidh na teachtaireachtaí ríomhphoist, a fhaightear ón gcóras, i nGaeilge faoin am sin.Abair.ie - sintéiseoir urlabhra i nGaeilge (Buíochas do Abigail a raibh an scéal aici!)Ceol: All The Little Things le caoinchead Martin Saunders agus i gcomhair le MyHost.ieLipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, anlionra Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Podchraoladh Nuala
from An tImeall May 13, 2008
Tá tamall maith ó bhí podchraoladh ar an suíomh seo, is oth liom a rá. Táimíd i ndiaidh a bheith ag obair "ar chúl an stáitse" anseo agus beidh fógra againn daoibh an tseachtain seo chugainn faoin obair sin, agus an toradh atá air. Mar chúiteamh beag, chun leithsceál a ghabháil agus chun tús a chur athuair le foilsiú na fuaime ar an suíomh seo, seo dhaoibh podchraoladh nua a dhein Edgecast Media le déanaí, ar son chustaiméir dár gcuid: Seirbhís Leabharlainne Dhún Laoghaire agus Ráth an Dúin. Ní eagrán den Imeall é seo, agus níl sé go hiomlán i nGaeilge, ach sílim go gcuirfidh lucht leanta na sraithe seo suim ann mar sin féin. Sa phodchraoladh seo, léann an file Nuala Ní Dhomhnaill dánta óna leabhar nua, "The Fifty Minute Mermaid". D'oibrigh sí in éineacht leis an bhfile Paul Muldoon, a chuir Béarla ar na dánta, agus tá na h-aistriúcháin le clos le h-ais na Gaeilge sa taifead seo. Deineadh an taifeadadh in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire, ar an 2ú Nollaig 2007, le linn taispeántas filíochta a reachtáladh mar chuid den bhFéile Filíochta, comórtas idirnáisiúnta a eagraíonn an leabharlann gach bhliain, do dhánta i 10 teanga, an Ghaeilge san áireamh. Tá painéal idirnáisiúnta moltóirí ann chomh maith, ach ar an ócáid áirithe seo bhí triúir des na moltóirí Éireannacha ann. Agus mar ar tharla sé, bhí Gaeilge ag gach aon duine acu. I dteannta Nuala ar an lá sin bhí Gabriel Fitzmaurice a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla, agus Rita Ann Higgins, a bhfuil cáil bainte amach aici dá chuid saothar sa Bhéarla ach a bhfuil Gaeilge aici chomh maith. Rita Ann Higgins Gabriel FitzmauriceChuireas-sa suim ar leith sa mhéid atá le rá ag Nuala Ní Dhomhnaill. Mar a chloisfidh sibh, tá meafar don athrú teangan i scéal na murúch a thréig an fharraige. Ní labhrann sí faoin gcúis ar tharla an t-athrú seo, ach díríonn sí ar an dtionchar atá aige ar an bpobal agus ar an daoine aonaracha lenar tharla sé. Tá tagairt bheag ag Rita Ann dos na cúiseanna. Labhrann sí faoina h-athair, arb as an nGaeltacht dó, ach nach raibh toilteanach í a labhairt lena pháistí. Táimíd ag prapáil chun oibre anseo arís a cháirde. Gabhaim buíochas libh as an bhfoighne. Lipéid: irishblogs, gaeilge, filíocht, nualanídhomhnaill
|
Conn & Concubhar
from An tImeall March 15, 2008
Casadh iar-eagarthóir Lá Nua, agus mo shean-chara scoile, Concubhar Ó Liatháin orm inné. Thaispéaineas Qik.com dó (an stáisiún teilífise i do phóca!) Lipéid: irishblogs, gaeilge, igaeilge, concubharoliathain, qik
|
Imeall #187: Difríochtaí Cultúrtha?
from An tImeall December 21, 2007
Is é “éiceachóras” (ecosystem) an focal is coitiantaí a chloistear i dtaobh ré úr an idirlín. Nach ait sin? Mar a dúirt anseo cúpla seachtain ó shin, tá sé mar a bheadh machaire fairsing suíomhanna agus seirbhísí agus na comhlachtaí atá ina mbun. Cothaíonn siad a chéile, bíonn siad in iomaíocht, agus i bpáirtíocht, agus is cosúil nach bhfuil de bhac nó de theorainn ar fhás an chórais seo, ach sa mhéid is go bhfuil an t-idirlíon – agus an leathanbhanda ach go h-áirithe – ar fáil do phobail an domhain. Tá aicme an-thabhachtach san éiceachóras seo: na h-úrchomhlachtaí beaga, nó mar a deirtear sa bhFraincís: “les startups”! Is iad a bhí i lár an aonaigh an tseachtain seo chaite ag an gcomhdháil Le Web 3 i bPáras, iad ag taispeáint toradh a saothar agus ag suirí le custaiméirí, le h-infheisteoirí agus le fathaigh mhóra an idirlín: leithéidí Google nó Microsoft. In éiceachóras an idirlín, tá ról ar leith ag na mórchomhlachtaí sin. Bíonn pobail mhóra custaiméirí acu, agus achmhainní dá réir. Ach an rud nach bhfuil acu ná smaointí úra agus nuálaíocht. Is minic go mbíonn sé deacair do eagráiochtaí móra na tréithe sin a chothú ón dtaobh istigh. Sin é a nádúr. Ach ar nós míolta móra na farraige, is féidir leo creátúirí eile a shlogadh, agus cur leis an gcumas atá acu féin. Bhí halla ar leith ag Le Web 3, dos na startups. In a measc bhí an comhlacht Éireannach LouderVoice. Agus labhair Tom Raftery ó Chorcaigh leis an slua faoin slí inar féidir le teicneolaíocht an idirlín dul i ngleic le fadhbanna na timpeallachta. Bhí léiriú suntasach ar an saol úr nuair a bhí an blagadóir cáiliúil Robert Scoble ar stáitse. Bhí Michael Arrington ón suíomh TechCrunch, blag nuachta a phléann úrchomhlachtaí idirlíonn, sa lucht féachana agus é ag scríobh ar a ríomhaire glúine. Bhí Scoble ag déanamh taispeántas ar an scáileán nuair a dúradh leis go mba cheart dó féachaint ar TechCrunch. Is amhlaidh go raibh an nóimeád sin díreach roghnaithe ag Arrington le nochtadh don saol go raibh Scoble ag fágaint a phost – agus ní raibh aon dul as aige ansin ach é admháil ar an stáitse. Bhí ualach ceamaraí físe i láthair – comhartha eile den saghas idirlín atá ag forbairt ós ár gcomhair amach. Agus bhí sé in a chonspóid le cúpla lá anuas faoi fhísbhlagadóir amháin a chuir suim ró-mhór, measann daoine áirithe, i spéirmhná na comhdhála i scannáinín beag a d’fhoilsigh sé le ceolraon an amhráin Beautiful Girls le Seán Kingston. Tá ar a laghad bean Eorpach amháin a taispeánadh atá breá sásta leis an moladh - ach tá cuid mhaith eile, go h-áirithe ó thíortha an Bhéarla, a mheas gur céim siar do mhná i saol teicneolaíochta é. Difríochtaí cultúrtha, peut-être? Beannachtaí na Nollag oraibh go léir a cháirde!Ceol Podslán: Oíche Chiúin/It Came Upon a Midnight Clear le Doug Boldt.Lipéid: irishblogs, gaeilge, leweb3 Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #186: An tImeall en Francais
from An tImeall December 19, 2007
Táim i bPáras na Fraince agus alt na seachtaine seo á scriobh agam, ag freastal ar an gcomhdháil Le Web 3. Tá an-thóir ar an gcomhdháil seo i dtionscal an idirlín ar fud na hEorpa. Ní amháin sin, ach tá bua ar leith aige mar chomhdháil go meallann sé daoine ó Mheiriceá chomh maith. Cúis mhór amháin atá leis sin ná an clú agus cáil atá ar stiúrthóir na comhdhála, Loic le Meur, fiontraí agus blagadóir. "He doth bestride the world like a collosus" a dúirt Shakespeare faoi Julius Caesar, agus is é an ráiteas céanna a shamhlaímse le Loic le Meur! Is ceannródaí mór na blagadóireachta é sa bhFrainc, agus bhunaigh sé comhlacht chun úirlisí blagadóireachta a sholáthar. Dhíol sé an comhlacht sin leis an gcomhlacht Meiriceánach Six Apart, a bhí ag iarraidh margadh a fhorbairt san Eoraip, agus tá baint fós aige leis an gcomhlacht sin. Bhí sé ina chomhairleoir idirlín don Uachtarán Sarkozy le linn an fheachtais toghchánaíochta anuraidh. Bhí sé in a chonspóid ag Le Web 3 anuraidh nuair ar tugadh cuireadh do Sarkozy agus do iarrthóir eile labhairt ag an gcomhdháil, agus ag an nóiméad deireannach athraíodh clár an lae chun oiriúint dóibh. Bhí roinnt daoine den tuairim go raibh íoctha acu as comhdháil teicneolaíochta agus dá bhrí sin nach raibh siad ag iarraidh éisteacht le polaiteóirí. Is fíor gur tháinig formhór na cáinte sin ó dhaoine nach Francaigh iad. Ach fíoraíonn an scéal an mana nach bhfuil a leithéid de rud ann agus droch-phoiblíocht. I mbliana, tá slua níos mó ná riamh tagaithe go dtí Le Web 3, agus iad ag baint sult agus spleodar as an gcaint agus as an gcomhluadar. Tá trí fhoirgneamh líonta ag imeachtaí éagsúla, agus tá dhá lá á chaitheamh ag caint ag plé todhchaí an idirlín agus na céimeanna atá romhainn amach. Beidh a thuilleadh scéálta agam faoin gcomhdháil seo an tseachtain seo chugainn, agus ar "les startups" mar a tugtar orthu anseo! Ina measc siúd tá an fiontar is déanaí de chuid Loic é féin: Seesmic.com. Seirbhíse físe idirlín is ea é. Ach cad é an chúis is mó go bhfuil na sluaite ag triall ar Le Web 3, im' thuairimse? An bia! Tá sé go h-aoibhinn - bien sur!Ceol Podslán: Ikea le Jonathan CoultonLipéid: irishblogs, gaeilge, leweb3 Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #185: Cás Aidan
from An tImeall December 07, 2007
Tá sé ag tárlú arís. Dhá mhí ó shin tuairiscíodh sa nuachtán seo go bhfuair scoláire Meiriceánach fáilte fhuar ó sheirbhísí inimirce na tíre seo toisc gur theastaigh uaidh go mbeadh a chlann in éineacht leis agus é ag staidéar in Ollscoil Chorcaí. Más cuimhin libh, dhein Keola Donaghy a dhícheall a fháil amach roimh ré, cad iad na coinníollacha a shásódh Oifig Inimirce na nGárdaí maidir lena iníon agus a cuid scolaíochta. Ach tar éis dóibh an t-aistear ó Hawaii a thabhairt orthu féin, fuaireadar an doras iata ina gcoinne. An dea-thoradh atá ar an scéal ó shin ná go bhfuil glactha le Keola ar chúrsa iarchéime sa Nua-Shéalainn a thosnóidh tar éis na Nollag. Agus tá Céad Míle Fáilte curtha ag rialtas na tíre sin roimh a chlann chomh maith. Tá Keola i dteagmháil i gcónaí lena cháirde in Éirinn, lena bhlag culture-hack.com. Agus is ó bhlag eile a chloisimíd go bhfuil an chéad chaibidil eile sa scéal seo á nochtadh. Is mic léinn iar-chéime iad James Britton agus a bhean chéile Erin. I láthair na h-uaire, tá Erin ag staidéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a raibh James ina teannta go dtí gur fhill sé ar Mheiriceá chun tuilleadh staidéir a chríochnú. Tá duine eile sa chlann chomh maith: a mac, Aidan, atá 4 bliana d’aois. Tá Aidan ag freastal ar an mbunscoil ar an gCladach i gcathair na Gaillimhe ó thús na scoilbhliana seo, ach inné dúirt Gárda lena mháthair go gcaithfidh sé an scoil a fhágaint, nó díbreofar as an dtír é. Tá an scéal ar fad ar an mblag ag jamesrbritton.com, agus tá blagadóirí eile ag tosú ag cur suime ann. Tá tuilleadh poiblíochta á fháil aige ar an suíomh digg.com, suíomh ar ar féidir leis an lucht léite vótaí a chaitheamh ar na scéalta a gheobhaidh tús áite ar an leathanach. Ní dócha go bhfuil deireadh ráite ar an ábhar seo go fóill. Táim cinnte gur luaigh mé Paddy’s Valley cheana anseo. Sin é an misean neamh-oifigiúil tráchtála go Silicon Valley, a bhfuiltear ag réiteach chuige leis an gcuid is mó de bhliain. Bhuel, tá an lá tagtha agus, an tseachtain seo, tá thart ar scór fiontraí teicneolaíochta ón dtír seo ag líonrú le saoithe an tsileacain thall. Tá tuairiscí dá gcur abhaile acu, ar paddysvalley.org, i bhfoirm sruth mion-teachtaireachtaí ar jaiku.com/channel/paddysvalley agus fiú i bhfoirm físeán ag paddyvalley.blip.tv. Dála an scéil, seo suíomh suimiúil chun cuidiú leat Wikipedia a léamh ar ghléas póca: wapedia.mobi. An bhfuil fhios agat go bhfuil leagan Gaeilge ann, an Vicipéid? Tabhair cuairt ar ga.wikipedia.org. B’fhéidir gur mhaith leatsa cur lena bhfuil ann?Beannachtaí le gach aon duine a chas orm Dé Domhnaigh seo chaite ag Gradam Gael na Bliana agus ag Gradam Gnó na Gaeltachta. Bhí an-lá againn sa Ghaillimh.Ceol Podslán: Derek Malone le 3 Blind Mice.Lipéid: irishblogs, gaeilge, inimirce, paddysvalley Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #184: Sssssh!
from An tImeall November 29, 2007
[Deineadh an podchraoladh seo i lár na h-óiche ciúine, le glór íseal, ar eagla go ndúiseofaí líon an tí! ;) ] De réir a chéile ta sean-idirlíon na leathanach agus na bhfocal ag athrú in a mheán beo fuaime agus físe. Go deimhin, tá an fhuaim féin ag géilleadh don bhfís, ó thús na bliana seo ach go h-áirithe. Tá sé le sonrú agam ar mo iPod beag féin: áit nach mbíodh ach cláir fuaime an t-am seo anuraidh, is podchraoltaí físe iad formhór na gclár ar an ngléas sin agam anois. ‘Sé Rocketboom an ceann is sine, b’fhéidir. Bunaíodh é i 2004, agus ‘sí Joanne Colan atá á chur i láthair le breis agus bliain. Is Sasanach í Joanne, a chaith tréimhsí ag obair leis an BBC agus le MTV, agus is láithreoir teilfíse den chéad scoth í. Tá Fraincís ar a toil aici, agus ar Oíche Shamhna seo chaite thaispeáin sí go raibh cumas sa Ghaeilge aici! Thug sí fobhraíocht foirfe don bhfocal “Samhain” in eagrán an lae sin, agus í ag insint stair na féile dá lucht feáchana. Tá Geekbrief.TV agus Webbalert.com luaite cheana agam. Dhá chlár eile iad a chuirtear i láthair i stíl nuachta. Ceann eile is ea Wallstrip.com a phléann cúrsaí airgeadais agus infheistíochta. Fiú mura bhfuil suim dá laghad agat in eachtraí na dtarbh agus na mbéaranna, bainfidh tú taitneamh as an gclár spraoíúil seo. Tá greann agus aor ar fáil chomh maith, ó 1938media.com, mar shampla. Agus ar YouTube tá an-éileamh ar físeáin mhagúla le leithéidí Lisa Nova agus Happyslip, ach go h-áirithe. Sheol an blag cáiliúil BoingBoing eagrán físe an mhí seo chaite chomh maith. Tá siad fós ag iarraidh socrú ar an an stíl is oiriúnaí dóibh féin, ach tá sé léirithe go proifisiúnta acu. ‘Sé an ceann is ansa liom féin i láthair na h-uaire ná GigaOM.TV. Cuireann an t-iriseoir teicneolaíochta Om Malik an clár seo i láthair in éineacht le Joyce Kim. Is láithritheoir taitneamhach nádúrtha í Joyce, ach go h-áirithe, agus bíonn comhrá deas idir an bheirt acu agus iad ag cur síos ar scéalta móra gnó Silicon Valley. Tá slua léiritheoirí nua ag treabhadh na páirce seo, leithéidí Revision3.com a léiríonn GigaOM. Agus tá lucht na gnáth-theilfíse ag cur suime san idirlíon chomh maith. An cuimhin libh an clár My So Called Life, a chuir Clare Danes ós comhair an tsaoil mhóir? ‘Sé Quarterlife an teideal atá ar an dtogra is déanaí de chuid léiritheoirí na sraithe sin, agus tá sé le le feiscint anois ag quarterlife.com. Ach níl sa mhéid seo ach mo rogha-sa, agus táim cinnte go bhfuil an-chuid, idir maith agus olc, nach bhfuil deis agam a bhlaiseadh. An bhféachann tusa ar fhíseáin idirlín? Cad iad na cinn a mholfá-sa? An dóigh leat go bhfuil todhchaí na teilifíse ar an idirlíon? Ceol Podslán: Santa Will Find You le Mindy Smith.Lipéid: irishblogs, gaeilge, fís, ciúnas, daidínanollag Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #183: Meascáin!!
from An tImeall November 22, 2007
Níl aon iontráil fós ag tobar na téarmaíochta, focal.ie, don bhfocal mashup. Ní h-aon iontas an méid sin, mar is focal cuíosach nua é tríd is tríd. Ach más amhlaidh dó, measann daoine áirithe gur focal cuíosach tabhachtach é, agus an módh oibre a samhlaítear leis ó thaobh na cruthaitheachta de. Tá saghas amháin mashup, go bhfuil cur amach go forleathan air le fada. ‘Sé sin an meascán ceoil. Le teacht an “samplú digiteach” tháinig forbairt ar mhodh nua cruthaitheachta don gceol, go h-áirithe i réimse an “hip-hop”. Is minic na scórtha blaiseadh beag fuaime éagsúla in aon amhrán amháin. Tá plé maith ar an nós seo, agus ar na h-impleachtaí atá ann do chúrsaí cóipchirt, i gclár raidio dár teideal “The Funky Drummer”, cuid den sraith iontach “Sound Stories” ar RTE Radio 1 atá léirithe ag Luke Clancy. Tá moladh mór tuillte ag RTE go bhfuil sé seo, agus scoth agus rogha a gcuid clár, ar fáil mar phodchraoltaí ag rte.ie/radio/podcast. Anois tá saol na teicneolaíochta ag foghlaim ó na ceoltóirí. Is fada “ath-úsáid” agus comhoibriú bhogearraí ina sprioc ag dearthóirí na gcóras faisnéise. Agus anois go bhfuil an t-idirlíon forbartha mar atá, tá dearcadh nua ar bhogearra mar sheirbhís ar féidir a chur ar fáil ar an ngréasán, “ar cíos” más maith leat, seachas breathnú ar bhogearra mar tháirge a díoltar, agus a seasann leis féin. Anois má fhéachtar ar an ngréasán domhanda mar mhachaire fairsing ina bhfuil na seirbhísí éagsúla seo “ag fás” ina chuid páirceanna, cad iad na dinnéir éagsúla ar féidir a chur ar an mbord, ag meascadh na dtorthaí éagsúla atá ar fáil don gcócaire? Sin é an gréasán in-ríomhchláraithe! Tá léarscáil maith de le fáil ar an suíomh programmableweb.com. Agus ag caint ar léarscáileanna, tá sampla maith den measc-chlárúcháin sa tsuíomh a luaigh mé an tseachtain seo chaite anseo: justroutes.com. Ní raibh ar na h-údair sin córas léarscáilíochta a chruthú as an nua, nó ní bheadh an suíomh déanta i 6 seachtainí acu! Bhaineadar úsáid as Google Maps chun an jab a chur i grích, meascaithe le co-ordnáidí na stadanna bus a chruinnigh siad féin le gléas saitilíte GPS. Ní h-iad Google an t-aon dream a thacaíonn leis an measc-chlárúchán. Ag Mashup Camp Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine (mashupcamp.com) bhí na boic mhóra go léir i láthair: Microsoft, IBM, agus Yahoo in a measc, gach ball acu ag moladh na n-úirlisí agus na comhéadain a chuireann siad ar fáil do measc-chláraitheoirí. Agus tá cuid des na h-úirlisí seo dírithe go speisialta ar dhaoine nach ríomh-chláraitheoirí iad. Is cosúil go gceapann ailtirí agus lucht straitéise na mórchomhlachtaí seo go bhfuil síolta ré úr ríomhaireachta sna mashups. Bímís ag cócaireacht, más ea! Ceol: Mashup le Bobby Martini: Ain't no other man 'till you get enough Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, mashupcamp, mashups Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Físbhlagadóir na Ceithre Scór
from An tImeall November 08, 2007
Ar chuala tú an scéal faoin bhfísbhlagadóir in aois a cheithre scór? Tá cónaí ar Peter Oakley faoin dtuath, i lár na tíre i Sasana. Tá ríomhaire agus ceamara gréasán aige, ceangal leis an idirlíon agus aigne bheo. Pléann sé cúrsaí an tsaoil, a chuimhní cinn agus a dhearcadh féin, os comhair an cheamara. Ach níl sé ag caint leis féin. Féachann na mílte duine ar a chuid físeán ar YouTube. Agus tugann siad freagra air. Spreagann físeáin Pheadair daoine eile, agus leanann an comhrá. An boc mór é Peter? An réalt é, nó celebrity? Bhuel, ní déarfadh sé féin gurb ea. Ach tá dearcadh aige chomh maith le h-aon duine, agus tá sé le clos. Agus is dóigh le daoine áirithe gur fiú éisteacht leis. Coicíos ó shin fuair Peter cuireadh ó Fóram Eacnamaíochta an Domhain i nDavos na hEilbhéise. Is mian leo go dtiocfadh Peter chun cainte le ceannairí agus le taoisigh an domhain ag an gchéad chruinniú eile an bhliain seo chugainn. Dhiúltaigh Peter don gcuireadh, ach is dóigh lena cháirde idirlín gur iontach an deis é, agus tá súil acu go n-athróidh sé a intinn. Is féidir Peter a fháil ar YouTube faoin ainm cleite Geriatric1927. Tá lucht Davos le fáil ann chomh maith, (ainm: WorldEconomicForum) agus Tom Guariello, fear as Nua Eabhrac a fhoilsíonn físeáin go rialta in a mbíonn comhrá aige le Peter, ag féachaint sa tsúl ar a chéile trasna an aigéin mhóir. Caithfidh mé tréaslú le Antóin Ó Lachtnáin, an blagadóir ar leis an seoladh idirlín iomráiteach eire.com! Ní amháin go bhfuil leabhar nua foilsithe aige a insíonn conas ar féidir le gnolachtaí beaga tairbhe a bhaint as an idirlíon, ach tá fiontar nua á sheoladh aige chomh maith: an Swords Express a thabarfaidh paisinéirí as Sord go croí-lár Bhaile Átha Cliath agus ar ais arís. Rud eile a chabhróidh le taistealaíthe na príomh-chathrach ná an suíomh JustRoutes.com. Níor thóg sé ach 6 seachtainí ar Dave Rooney agus ar Vincent Glennon an suíomh seo a thógaint ach is iontach an áis é. Léirigh an spota ina bhfuil tú ar mhapa Google ar an suíomh. Ansin taispéain an áit a theastaíonn uait a bhaint amach. Sonróidh JustRoutes.com na roghanna is fearr busanna, tramanna nó traenacha a thabharfaidh ann tú, chomh maith le treoracha ón áit in a bhfuil tú go dtí an stad bus is gaire duit. Agus nuair a chuireas agallamh ar an mbeirt le déanaí, bhí sé in a chúis mhórtais ar leith acu go raibh leagan Gaeilge déanta acu den suíomh. Tá an t-agallamh sin foilsithe ar Intruders.TV. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, fís
|
Imeall #182: Fíor-Chomhluadar na bhFíor-Ghael
from An tImeall October 11, 2007
Bhí áthas orm cuireadh a fháil ó Chomhairle Chontae an Chláir, chun freastal ar sheoladh a scéim teanga Dé Luain seo chaite in Inis. Is breá liom a bheith ag bladar le Gaeilgeoirí ar an idirlíon gach aon lá – ach ní sháraíonn sé sin fíor-chomhluadar an fhíor-Ghaeil, nuair a bhíonn deis agam é a fháil! Is é seo an 13ú scéim teanga de chuid údarás áitiúil atá foilsithe faoi choimirce an Acht Teanga 2003. Is polasaí cuimsitheach agus soiléir é faoi na cúinsí in ar féidir a bheith ag súil le seirbhísí tré Ghaeilge agus faoin bhforbairt atá beartaithe don dtréimhse trí bliana atá romhainn. Luadh go bhfuil 30 ball fóirne de chuid na comhairle a bhfuil socrú déanta go bhfaighfidh siad oiliúint sa Ghaeilge. Is mithid sin. Dhein cathaoirleach “An Clár as Gaeilge”, Domhnall Ó Loingsigh, tagairt dos na staitisticí daonáirimh is déanaí ar úsáid na Gaeilge. Níos déanaí, nuair a bhaineas an baile amach, léas féin iad ar gaelport.com. 1.66 milliún duine a deir go bhfuil Gaeilge acu, agus Contae an Chláir sa tarna h-áit, i ndiaidh na Gaillimhe, ach chun tosaigh ar na contaetha eile ina bhfuil Gaeltachtaí. Chuir Panu Hoglund ceist mhaith, i dtráchtaireacht ar gaelport.blogspot.com: “Is féidir glacadh leis go bhfuil cuid mhór Gaeilgeoirí teipthe amuigh ansin a mb'fhéidir dúinn, mar lucht cúise, iad a spreagadh chun an teanga a úsáid. Ceist eile is ea é, cad is cúis leis nach bhfuil éirithe linn é sin a dhéanamh?” Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm ag léamh an dán caointe i nGaeilge a scríobh Áine Durkin, deirfiúir an tsaighdiúra Mheiriceánaigh Ciara Durkin a maraíodh san Afganastáin. Is cara í an file le Gaelbhlagadóir na bliana Hilary Mhic Shibhne i Nua Eabhrach agus tá an dán foilsithe ar a blag hilaryny.blogspot.com. Tá cuid mhaith mothúchán pearsanta le léamh ar an suíomh PostSecret. Molaim go mór do aon duine cuairt a thabhairt air. Togra ealaíne is ea é, a thugann aitheantas don mbriseadh croí a bhíonn i rún nach féidir a insint. Scríobhann daoine rún a gcroí ar chárta poist. Go minic bíonn sé maisithe go taibhseach acu, le pictiúir, le grianghrafanna, nó le collage. Seoltar na cártaí go dtí riarthóir an tsuímh, Frank Warren, agus roghnaíonn seisean cuid acu le taispeáint ar an an suíomh. Foilsíonn sé i bhfoirm leabhair iad chomh maith. Seoladh an leabhar is déanaí sa tsraith i Meiriceá Dé Luain: A Lifetime of Secrets. Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: No One Is To Blame le Katrina Carlson .Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, podcampireland07 Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #181: An Bua ag an Slua
from An tImeall September 27, 2007
Reachtálfar PodChampa Éireann i gCill Chainnigh Dé Sathairn seo chugainn, ar mahithe le h-eolas a roinnt faoin bpodchraoltóireacht, faoi “na meáin shóisialta”, agus faoin slí ina gcuirtear i bhfeidhm iad i gcúrsaí gnó, oideachais, sóisialta srl. Tugtar “neamhchomhdháil” ar an sort imeachta seo. ‘Sé sin le rá: tá sé préamhaithe sa phrionsabal nach iad na “cainteoirí” na daoine is tabhachtaí ag an gcomhdháil. Go deimhin, b’shin cuid den spreagadh a bhí ag an dream a chuir tús leis. Bhí siad tinn tuirseach de bheith ag éisteacht leis na daoine ceannan céanna ag rá na rudaí ceannan céanna ag comhdháileanna éagsúla, bliain i ndiaidh bliana. Bíodh is gur fiú éisteacht le taithí agus le tuairimí an bhoic mhóir – ní féidir gurb é sin bun agus barr gach scéil, nó sin é a mheas siad. Ag breathnú ar a gcomhleacaithe ag freastal ar na comhdháileanna sin, chonacthas dóibh go raibh cuid mhaith acu ar aon intinn leo. Go deimhin, bhí sciar maith daoine nach raibh ag bacaint le h-éisteacht leis na cainteanna in aon chor. In ionad suí go ciúin sa lucht éisteachta, bhíodar amuigh sna pasáistí ag bladar le daoine eile ar aon intinn leo – ag “líonrú” mar a deirtear agus ag foghlaim óna chéile. Tá bun-airteagal ar leith de chuid na gluaiseachta nua idirlín i gceist anseo nach miste a shonrú: finiméan ar a dtugtar “Gaois an tSlua”. Ní h-ionann sin le rá go bhfuil an slua níos clistí ná an saineolaí i gcónaí. Dá mb’amhlaidh a bhí ní bheadh aon ghá againn le saineolaithe. Ach mar a mhíníonn James Surowiecki ina leabhar, “The Wisdom of Crowds”, tá an bua ag an slua, sá chás go sásaítear coinníollacha áirithe. ‘Sé atá sa neamhchomhdháil, mar sin, ná iarracht na coinníollacha sin a chomhlíonadh, agus súáilcí na gcomhráití imeallacha sa phasáiste a thabhairt isteach go croí-lár na comhdhála. An neamhchomhdháil is mó trácht air ná BarCamp. Cuireadh tús leis na campaí teicneolaíochta seo mar aighneacht i gcoinne chomdháil eile, FooCamp, nach féidir freastal air ach go bhfaigheann tú cuireadh ó lucht a stiúrtha. Bhí an BarCamp is déanaí in Éirinn i nGaillimh Dé Sathairn seo chaite. Agus tá na podchampaí ag teacht sna sála anois orthu! Beidh tionól Chill Chainnigh ar an gchéad cheann in Éirinn. Mar sin, más suim leat níos mó a fhoghlaim faoin bpodchraoltóireacht, beidh fáilte romhat. Tá PodChampa saor in aisce, ach iarrtar ort clárú roimh-ré ag podcampireland.com le gur féidir tú a chothú! Ach ná bí ag ceapadh go ligfear duit suí i do thost ag sú na gaoise! Ní h-é sin nós na neamh-chomdhála. Mura bhfuil agat ach ceisteanna, beidh tú ag cur leis an iarracht, chomh maith le h-aon saoineolaí. Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Old Shoes le Natives Of The New Dawn.Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, podcampireland07 Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #180: Meitheal Meebo
from An tImeall August 28, 2007
Tá meithil an idirlín pléite go minic cheana againn: an tslí in a ghlacann an pobal páirt i bhforbairt bhogearra éigin, ar mhaithe leis an bpobal. Ní neart go cur le chéile, agus tá roinnt mhaith ríomhchlár agus seirbhísí gréasán nach bhfeicfí go deo, murach go raibh slua daoine ábalta an obair a roinnt. Ní gá gur obair theicniúil a bheadh i gceist ach oiread. Go deimhin, agus an dul chun cinn atá déanta ar theangacha agus ar úirlisí ríomhchlárúcháin, is minic gurb é an bun-leagan, sa chéad-teanga, an chuid is fusa den obair. Caithtear na mílte uair a chloig ina dhiaidh sin ag aistriú an bhogearra agus a chuid cáipéisíochta agus á logánú ar mhaithe le teangacha agus le cultúir éagsúla ar fud an domhain mhóir. Is cinnte gur obair throm í an logánú, mar sin ní h-aon ionadh é go ndeineann comhlachtaí bogearraí meá agus machnamh cúramach agus iad ag roghnú na dteangacha ar a fhreastalóidh siad. Tá ard-mholadh faighte ag Microsoft as ucht an leagan Gaeilge de Windows a chur ar fáil agus tá sé tuillte acu. Ach ní le barr cineáltais agus dea-mhéine amháin a deineadh é. Chuidigh Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí eile leis an iarracht agus caitheadh airgead poiblí chun é a thabhairt chun críche. Ach ainneoinn gur togra eagraithe lárnaithe a bhí i gceist ansin, bhí tuiscint mhaith ag lucht a stiúrtha ar an gcomhairle a luaitear go minc le tograí den gcinéal “foinse-oscailte”, sé sin: dá mhéid súl ag féachaint ar bhogearra, ‘sea is fearr an caighdeán. Mar sin tugadh cuireadh don bpobal a dtuairimí a chur in iúil i dtaobh na téarmáiochta ríomhaireachta a bhainfí úsáid as. Cuireadh an liosta téarmaíochta ar fad ar fáil ar an idirlíon agus chuidigh an pobal leis an iarracht. Mar a deirim, is sean-sheift é sin i dtograí foinse oscailte. ‘Sé Firefox an ceann is mó trácht air – ach ní h-é an t-aon cheann. ‘Sé Meebo an táirge is déanaí atá ag tabhairt an deis do lucht a úsáidte é a aistriú go dtína dteanga féin más suim leo é. Córas is ea Meebo a chuireann do rogha úirlis teachtaireachtaí meadaireachta ar nós Skype, MSN, nó AIM ar fáil duit ar leathanach gréasán. Agus tá an gaelú tosnaithe cheana féin air ag an suíomh wiki.meebo.com. Cén Ghaeilge a chuirfeása ar “Oops! Meebo detected a network interruption.”?Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Warwick le Ethan Stone.Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, meebo Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #179: Trá Gan Ghaeilge
from An tImeall August 21, 2007
Ní chaithimse mórán ama ag machnamh ar stáid ná ar shláinte na Gaeilge. Ní fhéadfainn a rá an fíor nó nach fíor go bhfuil na Ghaeilge ag fáil bháis mar, chun an fhírinne a rá, ní maith liom smaoineamh air. Sílim go bhfuilim ar nós mórán Gaeilgeóirí sa mhéid seo. Ar shlí amháin, ní fhaighim locht ar mar sheasamh: is fearr liom mo chuid fuinnimh a chaitheamh ar ghníomh ná ar smaoineamh agus ainilís. Ach an rud nach feidir a thomhas, ní féidir é a stiúradh - agus is amhlaidh atá le h-iarrachtaí ar mhaithe leis an nGaeilge. Mar sin, cé nach maith liom an droch-scéal a chlos, is maith liom go bhfuil daoine ann a dheineann an scagadh agus an tuar seo. In alt i mBéarla ar a bhlag dátheangach Fiche Focal (fichefocal.blogspot.com), cíorann an scríobhnóir Tomaltach an fhianaise agus níl sé dóchasach. Samhlaíonn sé cainteoirí dúchais na Gaeilge mar chlocha i ndroichead a nascann pobal na hÉireann, ar bhruach amháin, lenár dteanga dhúchais ar an dtaobh thall. De réir mar a chailltear na clocha tá an droichead ag meath, agus tiocfaidh an lá go mbeimíd fágtha ar thrá gan Ghaeilge. Ar mhaith leat a bheith i d'úinéar ar chlub sacair sa Bhreatain? Bhuel d'fhéadfá scaranna a cheannach i gclub atá liostaithe ar an stocmhargadh, b'fhéidir, ach cad a thabharfadh sé sin duit seachas píosa páipéir? Cén seans go mbeadh aon tionchar agat ar stiúradh an chlub? Geallann an suíomh myfootballclub.co.uk go mbeidh seans ag gach ball a chláraíonn leo páirt a ghlacadh i mbainistíocht fóirne. Ta breis agus 50,000 ball a bhfuil táille ₤35 stg an duine íoctha acu, agus tá siad i mbun cainteanna anois le 4 chlub éagsúla, féachaint an féidir leo margadh a dhéanamh a chuirfidh i gceannas iad ar bhord stiúrtha cheann des na clubanna sin. Nuair a bheidh sin déanta, beidh deis ag na baill vóta a chaitheamh ar na cinnithe móra, piocadh na fóirne san áireamh! Tá feachtas ar siúl i Meiriceá faoi láthair chun an dlí a athrú maidir le táillí nua cóipchirt atá beartaithe do suíomhanna a sholáthraíonn beo-shruthanna fuaime: craoltoirí idirlín. Táthar ag maíomh go gcuirfidh na táillí seo deireadh le h-earnáil an raidió idirlín. Tuilleadh eolais ag savenetradio.org.Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Where To Now, St. Peter? le Ann Wilson agus Elton John.Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #178: Eolaithe Óga agus Caifé Oscailte
from An tImeall August 16, 2007
In 2005 b’é Patrick Collison ó Chontae Thiobrad Árann a thug leis an chraobh ag Comórtas na nEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath. Cé nach raibh sé ach san idirbhliain i gColáiste Chaladh an Treoigh i Luimneach ag an am, dhein sé A-Levels an bhliain dár gcionn agus mar thoradh ar sin ghnóthaigh sé áit ollscoile ag MIT i Massachusetts. Ach nuair a tháinig sé abhaile le h-aghaidh saoire na Nollag anuraidh bheartaigh sé ar chomhlacht a bhunú lena dheartháir John agus chuir sé a chúrsa ollscoile ar fionraí. Thóg Patrick agus John oifig ar chíos i gcathair Luimní agus chuadar i mbun oibre ar bhogearra nua a fhorbairt: úirlisí gnó do dhaoine a thuilleann a mbeatha ag díol earraí ar an shuíomh idirlíon eBay. Ag an am céanna go raibh siad ag obair ar an dtáirge, bhí siad ag lorg infheistíochta chun go bfhéadfaí an gnó a fhorbairt. Ach cé go raibh dea-thoradh ar na h-iarrachtaí sin, ní as Éirinn a tháinig an caipiteal. Ghlac an císte fiontraíochta Meiriceánach, Y-Combinator, le h-iarratas na ndeartháireacha Collison agus chuir siad in aithne iad le beirt Shasanach a raibh táirge cosúil á fhorbairt acu. Cuireadh an dá chomhlacht le chéile faoin ainm Auctomatic.com agus bhogadar go léir go San Francisco. Lean siad orthu ag forbairt na dtáirgí atá anois faoi thástáil ag grúpa beag úsáiditheoirí, agus tá luach $300,000 d’infheistíocht bhreise faighte acu ó shin. Bhí scairteanna gáirí i seomra cruinnithe san Absolute Hotel i Luimneach Déardaoin seo chaite nuair a fiafraíodh de Patrick cad é an meas a bhí aige ar thábhairní Silicon Valley. Ag 18 mbliana tá sé ró-óg chun deochanna mheisciúla a bhlaiseadh i Meiriceá – agus níl ach 16 bliana ag John! Bhí grúpa fiontraithe bailithe ar an láthair mar a bhíonn gach ré Déardaoin – ‘sé sin Club Caifé Oscailte Luimní. Is i Londain a tionóladh an chéad “Club Caifé Oscailte”, mí Mhárta seo chaite agus tá 66 cinn ar fud an domhain anois: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Béal Feirste ina measc. Is cruinnithe neamhfhoirmeálta iad do fiontraithe agus do infheisteoirí. Tá gach eolas ag opencoffee.org. Táim ag baint an-sult as podchraoltaí físe le déanaí. Tá GeekBrief go maith chun nuacht na teicneolaíochta a sholáthar gach lá, agus taitníonn an tsraith sean-bhunaithe Rocketboom liom chomh maith, Agus tá ceann nua ar an saol le seachtain nó dhó anois: webbalert.com.Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Super Wonderful le Wil Deynes. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, opencoffee, opencoffeelimerick, fiontraíocht Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #177: Sceallóga Silicon agus Polcaí
from An tImeall August 07, 2007
Má tá suim agat sa phodchraoltóireacht beidh deis agat níos mó a fhoghlaim fúithi ag Podchampa Éireann a bheidh á reachtáil i gCill Chainnigh ar an 29ú Meán Fomhair. “Neamhchomhdháil” atá sa Phodchampa. ‘Sé sin le rá go bhfuil sé ina bhunphrionsabal aige gur “reált” é gach duine a fhreastalóidh ar an ócáid. Cinnte, beidh saineolaithe ann ach, de réir rialacha na bpodchampaí, ní thabharfar tús áite dóibh agus iarrtar ar gach éinne páirt a ghlacadh. Tá tuilleadh eolais ar bhlag an Phodchampa. Tá wiki ann chomh maith (leathanach idirlín ar féidir le h-éinne scríobh air) agus ní amháin gur féidir leat d’ainm a chlárú ann ach iarrtar ort do mholtaí féin a dhéanamh faoinar mhaith leat a fheiscint ag an bpodchampa. Beidh Podchampa Éireann saor in aisce. Luaigh mé Pat Phelan an tseachtain seo chaite agus a chomhlacht Cubic Telecom. Bhí dea-scéal aige ó shin, nuair a chuala sé go bhfuil Cubic á mheas, san áireamh le 100 comhlacht eile, as a roghnófar 20 ar leith a geobhaidh an deis dul ar stáitse ós comhair mhór-infheisteoirí Silicon Valley ag an gcomhdháil TechCrunch20. Ócáid é seo atá á reachtáil ag Michael Arrington, úinéar an bhlag TechCrunch. Is díol suime ann féin é scéal TechCrunch. Thosnaigh Michael an blag dhá bhliain ó shin chun tuairisceoireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí úrnua a bhí ag teacht chun cinn i réimse na teicneolaíochta. Anois tá 16 eagarthóir fostaithe aige ag obair ar TechCrunch, blag a thuilleann breis agus $200,000 ón bhfógraíocht gach mí. Níl aon amhras ach go bhfuil freastal maith ar sceálta teicneolaíochta i mblaganna, ach ní ar sceallóga silicon amháin a mhaireann na blagadóirí! Mar chruthúnas d’fhoilsigh blog.humblehousewife.com liosta de 30 blag Éireannacha a phléann cúrsaí bia agus dí! In a measc tá blag de chuid Ice Cream Ireland sa Daingean, a luadh cheana sa cholún seo. Ba dheas liom a léamh le linn na seachtaine, go mbeidh údar an bhlag sin, Kieran Murphy, ag scríobh colún seachtainiúil don Irish Times le linn mhí Lúnasa. Agus fuaireas suíomh eile fíor-shuntasach ar an liosta céanna: ifoods.tv! Clár cócaireachta don idirlíon, meas tú? ‘Sea, ach tá níos mó ná sin i gceist. Tuigeann na cócairí seo an líonra sóisialta! Is féidir clárú leis an suíomh agus na h-oidis a phlé le h-úsáideoirí eile. Cruthaigh do leathanach féin ar an suíomh, agus beidh deis agat do chuid físeán cócaireachta féin a fhoilsiú ann! Blasta!Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Throw Me a Line le Kevin Reeves. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, bia, podcampireland07 Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #176: An Líonra Soghluaiste
from An tImeall July 31, 2007
“’Sé an líonra an ríomhaire”, dúirt John Gage ó Sun Microsystems i 1984. Táimíd fós ar an mbóthar chun an aisling sin a fhíorú, ach tá dul chun cinn mór á dhéanamh i láthair na h-uaire. Nach cumasaí go mór an ríomhaire bóird agus acmhainní fairsinge an idirlín ar a thoil aige? Anois ‘sé an chéad chéim eile ná an líonra soghluaiste a fhorbairt. Tá na comhlachtaí fón póca ar a ndícheall ag cur táirgí nua ar fáil faoi láthair. ‘Siad O2 an dream is déanaí, le córas a chuirfidh 3.6kbps ar fáil tríd an aer do 75% do dhaonra na tíre. Má tá an líonra ar fáil, méadaíonn na féidireachtaí. Tá fóin phóca ag athrú ina ríomhaírí beaga, agus tá ríomhairí beaga dá bhforbairt atá an-chosúil le fón. Meastar gurb é an Nokia N95 rí na ngiúirléidí beaga seo le tamall anuas – nó b’é go dtí gur tháinig an iPhone ar an saol. Tá locht faighte ag daoine ar an iPhone i Meiriceá, toisc nach bhfuil cumas 3G aige. Úsáideann sé an córas EDGE, nach bhfuil chomh tapaidh le 3G. Ach tá WiFi aige, rud a chiallaíonn gur féidir leis suas le 11Mbps a fháil ó phoinntí rochtaine WiFi in oifigí, i dtithe ósta, agus fiú ar roinnt sráideanna cathracha, mar atá curtha ar fáil ag Google in Mountain View, California. Agus tá Google ag cur geall go bhfásfaidh an t-éileamh do sheirbhísí soghluaiste. D’fhógraíodar an tseachtain seo chaite go bhfuil rún acu breis agus $4.6 billiún a íoc ar mhinicíochtaí raidió a bheidh ag dul ar cheannt iMeiriceá. Dála an scéil, má bhíonn tú ag lorg WiFi sa Chrúiscín Lán sa Spidéal, chífidh tú go bhfuil treoirbhilleog i nGaeilge ar fáil chomh maith. Bualadh bos don gcomhlacht Bhleá Cliathach Bitbuzz a chuir ar fáil í. Ar deireadh, táim ag baint fíor-thaitneamh as eachtraí spreagúla an fhiontraí gnó Pat Phelan, mar atá á bhlagáil aige ar blog.roam4free.ie. Tá sé ag obair de ló is d’oíche chun a chomhlacht teileachumarsáide Cubic Telecom a sheoladh, agus tá sé chomh gnóthach gur laindeáil sé san óispidéal toisc gur dhein sé dearmad paiste nicitín a bhaint dá láimh! Tá sé i gceart is i gcóir arís, ach do chuir sé Lloyd Bridges i gcuimhne dom sa scannán Airplane: “Looks like I picked the wrong week to quit smoking!”Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Simple Truth le Gary Dunne (MySpace). Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #175: Fís
from An tImeall July 24, 2007
Tá an-thrácht ar chúrsaí físe ar an idirlíon le tamall. Tá YouTube.com luaite go minic againn, ach tá seirbhísí cosúil leis ag Revver.com, Dailymotion.com, Blip.tv agus ag na scórtha suíomh eile nach iad. Tá an gné sóisialta an-thabhachtach sna suíomhanna seo, go h-áirithe sa mhéid is gur féidir físeáin a neadú isteach i mblaganna agus i leathanaigh idirlín eile. Má tá do bhlag féin agat, is deas an maisiúchán ar do leathanach féin é físeán taitneamhach dea-chumtha a bheith suite air. Mar mhódh scaipthe faisnéise, oibríonn sé ar an bprionsabal céanna le h-eireaball na péacóige. Bronann géinte na péacóige a eireaball taibhsiúil air – agus cuidíonn sin leis na géinte céanna a dháileadh. Dá fearr an físeán, is ea is mó daoine a thaispeánfaidh dá gcáirde é. Treisíonn agus buanaíonn an gníomh sin an caidreamh atá ag an duine lena chiorcal sóisialta – agus scaipeann an físeán. Luaigh mé Justin.tv cheana. Níl Justin agus a cháirde ag beo-chraoladh chomh minic agus a bhí ach tá roinnt mhaith daoine ag baint úsáid as seirbhísí cosúil le ustream.tv chun beo-chraoladh a dhéanamh ar imeachtaí ar leith. Mar shampla, baineann an craoltóir raidio agus idirlín Leo Laporte úsáid as ustream.tv chun pictiúrí beo a chraoladh ón stiúidío agus é i mbun oibre ar a chlár raidio “The Tech Guy” - lena chat ar a ghlúin aige! Cuireann an teicneolaíocht seo ardán nua ar fáil do lucht déanta scannán – rud a thuigeann an comhlacht Éireannach Wildwave go rí-mhaith. Cruinníonn siad scoth na scannán ón domhan mór isteach ina gcainéil digiteacha atá ar fáil ar leithéidí córas Vodafone dos na fóin póca agus ar seirbhísí teilifíse idirlín ar nós Joost.com. I ndáiríre – ní fís go Joost! Ní foláir suí siar i do chathaoir chun é a fheiscint i gceart. Líonann sé scáileán do ríomhaire le pictíurí de chaighdeán ard. Tá sé dian a dhóthain ar an gceangal idirlín, agus dá bhfágfá ar siúl é is dócha nach dtógfadh sé i bhfad air do theorainn mhíosúil á shárú ar do chúntas leathanbhanda. Ach tá sé go h-álainn ar fad – ní bheidh meas muice agat ar phictiúirí YouTube in a dhiaidh. Réamh-amharc ar an dtodhchaí atá in Joost, agus tá tá an córas faoi thástáil beta príomháideach i láthair na h-uaire. Tá dhá chuireadh go dtí an beta le spáráil agam, don gchéad bheirt a dhéanfaidh teagmháil liom.Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: In A Long Time le 46bliss. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, fís Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #174: Tír Álainn Trína Chéile
from An tImeall July 16, 2007
Bhuel, bhí laethanta saoire fada againn, ach táimíd ar ais i mbun oibre arís ar imeall.com. Agus tá blagadóirí na Gaeilge ag treabhadh leo i gcónaí – agus suíomhanna suimiúla nua ag teacht chun cinn, ar nós Gael-Taca.com, suíomh de chuid na h-eagraíochta sin i gCathair Chorcaí. Tá podchraoladh ar an suíomh acu chomh maith: sleachta seachtainiúla ón gclár raidio a dheineann siad ar Raidio Campus Ollscoile Chorcaí. Tá píosa deas acu san eagrán is déanaí ar bheatha agus ar shaothar an fhile Seán Ó Ríordáin. Tá Tír na mBlag ar chúl an ríomhaire - agus i láthair na h-uaire tá sí gach pioc chomh trína chéile le Cúl a’ Tí! ‘Sí an chúis ná go bhfuil forbairtí agus athraithe ag teacht ar mhódhanna agus ar úirlisí na blagadóireachta. Dheineas trácht beag ar an mion-bhlagadóireacht sarar ghlac mé sos. Sin iad na córais ar nós twitter.com agus jaiku.com, a chuireann srian ar fhaid na dteachtaireachtaí ar féidir a scríobh, sa tslí is go n-oiriúnaíonn siad isteach i dteachtaireachtaí teács fón póca. Is féidir coimeád i dteagmháil le pobal cuíosach mór cáirde sa tslí sin. Ní gá go bhfaighfeá gach teachtaireacht ar do fhón póca – roghnaíonn tú na daoine a theastaíonn uait a “leanúint” sa tslí sin – ach bíonn comhráití suntasacha ag mórán daoine – agus cuid acu ag tréigint a mblaganna chun páirt a ghlacadh ann. An rud eile atá ag mealladh na mblagadóirí ná Facebook. Líonra sóisialta iata is ea Facebook, ar nós Myspace nó Bebo, ach tá úirlísí fíorchumasacha cumarsáide aige chun caidreamh le do cháirde. Go dtí le fíor-dhéanaí, bhí sé teoranta don bhfearann .edu, líonraí na gcoláistí trí leibhéal i Meiriceá, ach tá blagadóirí an tsaoil mhóir ag baint úsáid as anois. Tá forbairt chomh maith sna h-úirlisí ar féidir a úsáid chun smacht a choimeád ar na foinsí eolais seo go léir. Tá léitheoir na bhfothaí, Google Reader, feabhsaithe go mór le déanaí agus is é mo rogha bhainisteoir nuachta anois é. Cad ‘tá á léamh agam? Tá thart ar 80 foinse sa liosta léitheoireachta anois agam agus is féidir liom súil a choimeád orthu go léir gan stró ar aon leathanach amháin ag reader.google.com. Más suim libh, is féidir an liosta a bhrabhsáil go h-éasca sa bhfuinneog Grazr ar imeall deas an leathanaigh ar imeall.com (faoin dteideal “Eolairí ar an Imeall”). Agus má bhaineann éinne agaibh triail as Twitter, ná déanaigí dearmad gur féidir Twitter i nGaeilge a dhéanamh le sruth Twitter an Imill: twitter.com/imeall. Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Independence Day le Jesta.Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #173: Tionóltaí
from An tImeall February 07, 2007
Ceiliúradh an Bhua Mhóir! :) Go raibh míle maith agaibh as an dtacaíocht do An tImeall. Tá fuinneamh ar leith i mblaganna na hÉireann le roinnt míonna anuas, agus éagsúlacht mhór ábhar á plé. Slí amháin ina spreagtar an comhchaidreamh seo ná le cruinnithe a thugann deis do dhaoine a bhfuil "ríomh-aithne" acu ar a chéile, an caidreamh a fhorbairt. Tá seo ag tárlúint níos minicí le déanaí, agus tá an-éagsúlacht féin sna ócáidí atá dá reachtáil. I bPort Láirge an mhí seo chaite, bhí tionól do bhlagadóirí na fiontraíochta agus na teicneolaíochta, BarCamp Ireland South-East, a reachtáladh ar champus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tháinig breis agus 80 duine le chéile le h-aghaidh chomhdháil neamhfhoirmeálta ar bhruach na Siúire chun clár ábhar a phlé a bhí roghnaithe acu féin, pléite roimh ré ar a mblaganna, agus leagtha amach acu féin ar shuíomh wiki (suíomh idirlín ar féidir leis an léitheoir a aistriú). I measc na seisiún ba shuntasaí ag BarCamp bhí agallamh painéil le cúigear fiontraí gnó a bhfuil gnólachtaí idirlín á sheoladh acu: Joe Drumgoole (putplace.com), Conor O’Neill (loudervoice.com), Walter Higgins (pixenate.com), Jan Blanchard (touristr.com) agus Helene Haughney (zinadoo.com). Tá cur síos an-mhaith ar imeachtaí an lae ar bhlag Ken McGuire, agus in áiteanna eile. Cuireadh an-shuim i dtáirge Conor O'Neill, ó nochtaigh sé don chéad uair ag BarCamp cad é an saghas gnó a bheidh in LouderVoice. Seirbhís léirmheastóireachta atá i gceist leis, a chuideóidh le blagadóirí a gcáil, agus cáil a suíomhanna, a mhéadú. Agus tá moltaí maithe ag Jan Blanchard d'éinne atá ag iarraidh gnó idirlín a bhunú in Éirinn. D'fhoilsigh sé 'cúig cheacht' atá foghlamtha aige féin ar blog.touristr.com. Bhíos féin i láthair ag BarCamp, ag múineadh scileanna podchraoltoireachta. Chuir sé áthas orm an méid daoine a chuir suime sa seisiún a bhí agam féin le Bernie Goldbach, agus a raibh podchraoltaí seolta acu, nó a bhí ag caint ar phodchraoltaí a dheánamh. Is féidir éisteacht le cuid den tseisiún sin ar podcasting.ie. Agus bead i measc na gcainteoirí ag seimineár faoin dteideal "Podcasting for your business" faoi scáth na h-eagraíochta it@cork ar an 27ú Feabhra. Is i gCorcaigh a thionólfar an chéad BarCamp eile i mí Bhealtaine (an dara cheann sa chathair sin) agus tuairiscíonn Paul Walsh ar an mblag web2ireland.org go bhfuiltear ag réiteach don gchéad BarCamp Bhaile Átha Cliath chomh maith. Cé go bhfuil na BarChampaí neamh-fhoirmeálta go maith (tugtar "unconference" ar an modh comhdhála atá i gceist), is féidir blag-chruinnithe a eagrú ar bhonn níos éasca fós. An tseachtain seo chaite d'fhógair Paul, atá in a phríomhfheidhmeannach ar an gcomhlacht seirbhísí gréasán segala.com, go raibh rún aige dul i gcomhair béile curry oíche Déardaoin i mBaile Átha Cliath, agus d'iarr sé ar éinne a raibh suim acu a bheith i láthair dul i dteagmháil leis. Bhíos-sa ag na Digital Media Awards an oíche chéanna, agus bhí scata beag blagadoirí i measc an tslua san áit sin chomh maith, ach 'sé an chéad mhórthionól eile a bheidh ag blagadóirí na hÉireann ná an Irish Blog Awards ar an 3ú Márta. Beidh lucht na teicneolaíochta agus na fiontraíochta ina mionlach ag an ócáid seo, nuair a dheinfear ceiliúradh ar líon agus ar éagsúlacht bhlaganna na tíre seo. Tionólfar an ócáid in Óstán an Alexander agus beidh fáilte roimh chách. Gearrfar táille beag ar an ndoras ar mhaithe le Brainwave, Cumann Titimis na hÉireann. Tá an pearsa raidio agus blagadóir Rick O'Shea ina phátrún ar an eagraíocht sin agus is é a bheidh in a fhear tí arís i mbliana. Tá tuilleadh eolais ag awards.ie. Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: The Way You Are le 46bliss.Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #172: Lá 'le Bríde
from An tImeall February 01, 2007
Tost an Phodchraoltóra.Táim ag triall ar Bhaile Átha Cliath inniu. Tá An tImeall ar liosta na n-ainmnithe don nGradam don bPodchraoladh Neamhspleách is Fearr ag na Digital Media Awards anocht. Colún na Seachtaine: Fuath Rogha Ceoil Phodchraolta na Seachtaine: Shine le Rachel Fuller. Tá podchraoladh físe ag Rachel, in éineacht lena leannán Pete Townshend, ag intheattic.podshow.com. Lipéid: irishblogs, gaeilge, podchraoladh, digitalmediaawards Ceol Aitheantais: Sunshine with the Shade le The Reverse Engineers
|
Imeall #171: Ar Son Na Cúise
from An tImeall January 09, 2007
Agallamh le Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh. Tá Dáithí san iomaíocht do Sheanad Éireann (Painéal na hOllscoile Náisiúnta) in olltogchán na bliana seo. Tá roinnt mhaith daoine atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an bpaineál seo ach níl siad cláraithe. Is féidir foirmeacha cláraithe a fháil ar shuíomh Dháithí ag Daithi1.ie Má chloisim na focail “Irish shoved down my throat” oiread agus uair amháin eile táim chun fios a chur ar Ghardaí na gCliché. Tá a fhios ag aon duine réasúnta nach bhfuil an Ghaeilge á brú go h-éagórach ar éinne – ach oiread agus atá na h-ábhair eile “éigeantacha” ar scoil. Tá fhios ag an saol Fódlach chomh maith céanna go bhfuil formhór an phobail báiúil don dteanga bheo, mar oidhreacht luachmhar agus mar chomhartha náisiúnta. Bíodh is nach bhfuil sí ar a dtoil ag an gcuid is mó acu, tá siad bródúil aisti mar sin féin. Teastaíonn uathu go mairfeadh sí beo folláin, agus cé go bhfuil siad sásta an cúram sin a fhágaint ag daoine eile, tá siad buíoch go bhfuil an teanga á coimeád agus á cothú ag na daoine sin, mar acmhainn náisiúnta. Ach tá mionlach beag bídeach ann atá naimhdeach don nGaeilge. Seo iad an dream a shamhlaíonn “club gaelach iata le h-aghaidh scoth-aicme an Éireannachais”. Seo iad an dream a bhfuil sé de chlaonadh mí-nádúrtha acu, dísbeagadh a dhéanamh ar aon rud nach bhfuil máistreacht agus sárú acu féin air. Seo iad na daoine a chuireann an milleán ar na h-úirlisí, nó ar an gcóras, nó a thréigeann páirc na h-imeartha ag clamhsán faoin réiteoir. Ar nós na mbochtán – beidh a leithéidí go deo ann, agus mar a deirim, níl siad líonmhar. Ar shlí amháin, ní fhaighim lucht orthu: tá séantóirí nimhneacha ag gach aon chúis mhaith faoin spéir. Ach sílim gur cúis imní ar leith iad naimhde seo na Gaeilge, mar nach bhfuil a dhóthain á dheánamh chun a gcuid cacamais a bhreágnú agus seasamh ina gcoinne. N’fheadar cad faoi ndear an leisce atá ar phobal na Gaeilge labhairt amach ar son na teanga; ar son luachanna an chaomhnaithe agus na h-athbheochana; ar son stádas na teanga agus ar son cearta lucht a labhartha. B’fhéidir go bhfuil éirithe go ró-mhaith ag an sleá is géire in armlón an fhrith-ghaelgóra: íomhá bréagach an “fanatical Gaeilgeoir”. Ní gá dom cur síos a thabhairt – is féidir libh féin na bearnaí a líonadh sa phortráid. Má theastaíonn cúnamh uaibh, féachaígí cuntaisí nuachtáin shasanacha na 19ú aoise ar na hÉireannaigh bharbartha. Nó cúntaisí na gcóilíneach Eorpach ar chiní dúchais na hAfraice. Nó in alt nó dhó atá scríofa i mblaganna Éireannacha le bliain anuas. Faraoir, sílim go bhfuil tionchar níos mó ag an mbolscaireacht seo, ní amháin ar an bpobal i gcoitinne, ach fiú ar phobal na Gaeilge féin. Ní maith linn go nglaofaí ainmneacha chugainn – mar sin fanaimíd inár dtost. Ach ceal freasúra, tá tionchar níos láidre ag bréaga na bhfrithghaeilgeoirí. An móramh báiúil sin, tá siad i bhfábhar tacaíocht a thabhairt don nGaeilge cinnte. Ach ní sheasfaidh aon duine reásúnta le “iachall”, le “éigeantacht”, ná le “cine-dheighilt”. (Ní áirím “faisisteachas”, ná “mí-úsáid leanaí”.) Bíodh is gur bréaga iad na focail seo ag cur síos ar an nGaeilge agus ar na h-iarrachtaí chun tacú léi, ní chloistear a dhóthain im’ thuairimse, i mór-fhóraim (Bhéarla) na tíre seo chun iad a bhreágnú. Agus mar sin, téann an diúltacht seo i bhfeidhm, ar an bpobal mór, agus fiú ar mhisneach agus ar mheanmna na nGael féin. Is ar an ábhar seo, go measann Fine Gael go mb’fhéidir go bhféadfaí cúpla vóta a thuilleamh ach a leas féin a bhaint as an ndiúltacht seo. Agus go n-oireann sé do thráchtairí áirithe taibhse a chruthú de Aire na hAthbheochana agus Acht an Aimhleasa. Agus is cuma gur éithigh iad – níl go leor daoine dá mbréagnú. Tá dul chun cinn mór deánta le 10 mbliana anuas, agus léiríonn cáil TG4, ach go h-áirithe, gur fearr beart ná briathar go minic i gcás mar seo. Ach ná déanfaimís dearmad gur gá éithigh a bhréagnú, go h-oscailte, go minic agus go glórach. Tá beart agus briathar le sonrú sa mhisneach atá á léiriú ag pobal na Gaeilge ar an idirlíon, agus tá próifíl árd ag an dteanga sna fóraim seo. Agus tá fóram nua ag forbairt romhainn in 2007: bolscaireacht na físe. Is é YouTube an suíomh is iomráití a bheidh ann sa bhliain úr. Tá tagairt déanta cheana agam don dtionscnamh Votetube, atá ag iarraidh úsáid na bhfíseán stocaireachta a chothú don olltoghchán a bheidh in Éirinn sara fada. Tá an Ghaeilge ar chlár plé an toghcháin seo, buíochas le Enda Kenny. Cé a chuirfidh a cás i gcúirt YouTube? Rith sé liom arís an tseachtain seo nuair a chonac an scannán An Gaeilgeoir Nocht ar TG4. Ábhar machnaimh atá sa scannán seo do Ghaeilgeoirí ár linne. Píosa maith ealaíne is ea é cinnte, agus is fiú go mór é sin. Ach sílim nach bhfuil aon easpa ealaíne ag eascairt ó phobail na Gaeilge. An rud atá níos mó de dhíth orainn, b’fhéidir, ná bolscaireacht lom in aghaidh na diúltachta agus na n-éitheach. Ceol Podslán: On My Way Home le Adam Woodall Band Title And Registration le Death Cab For Cutie
| | |