Login or Join

An tImeall

An tImeall

An TImeall

Podchraoladh ón Imeall. Blag Fuaime i nGaeilge. Podcasting from the Margin. An Audio Blog in the Irish Language.

tastail

tástáilkl;kl;
05/28/08

Fiontraithe le Gaeilge

Bhí sé de phribhléid agam le déanaí a bheith ag obair le togra ar a dtugtar Fiontraithe le Gaeilge.Ní neart go cur le chéile!Tuilleadh eolais ag AnLionra.Net
05/21/08

Podchraoladh Nuala

Tá tamall maith ó bhí podchraoladh ar an suíomh seo, is oth liom a rá. Táimíd i ndiaidh a bheith ag obair "ar chúl an stáitse" anseo agus beidh fógra againn daoibh an tseachtain seo chugainn faoin obair sin, agus an toradh atá air.Mar ...
05/13/08

Conn & Concubhar

Casadh iar-eagarthóir Lá Nua, agus mo shean-chara scoile, Concubhar Ó Liatháin orm inné.Thaispéaineas Qik.com dó (an stáisiún teilífise i do phóca!)Lipéid: irishblogs, gaeilge, igaeilge, concubharoliathain, qik
03/15/08

Stáisiún Teilifíse i do Phóca

Ní déarfainn go bhfuil bás na sean-bhlagadóireachta chugainn fos, ach ní mór a admháil go bhfuil sí cuíosach tinn mar sin féin!Luaigh mé Twitter an tseachtain seo chaite, agus an tslí 'na bhfuil sean-laochra na mblaganna chomh gafa leis an ...
02/22/08

Imeall #187: Difríochtaí Cultúrtha?

Is é “éiceachóras” (ecosystem) an focal is coitiantaí a chloistear i dtaobh ré úr an idirlín. Nach ait sin? Mar a dúirt anseo cúpla seachtain ó shin, tá sé mar a bheadh machaire fairsing suíomhanna agus seirbhísí agus na comhlachtaí ...
12/21/07

Imeall #186: An tImeall en Francais

Táim i bPáras na Fraince agus alt na seachtaine seo á scriobh agam, ag freastal ar an gcomhdháil Le Web 3. Tá an-thóir ar an gcomhdháil seo i dtionscal an idirlín ar fud na hEorpa. Ní amháin sin, ach tá bua ar leith aige mar chomhdháil go ...
12/19/07

Imeall #185: Cás Aidan

Tá sé ag tárlú arís. Dhá mhí ó shin tuairiscíodh sa nuachtán seo go bhfuair scoláire Meiriceánach fáilte fhuar ó sheirbhísí inimirce na tíre seo toisc gur theastaigh uaidh go mbeadh a chlann in éineacht leis agus é ag staidéar in ...
12/07/07

Imeall #184: Sssssh!

[Deineadh an podchraoladh seo i lár na h-óiche ciúine, le glór íseal, ar eagla go ndúiseofaí líon an tí! ;) ]De réir a chéile ta sean-idirlíon na leathanach agus na bhfocal ag athrú in a mheán beo fuaime agus físe.Go deimhin, tá an fhuaim ...
11/29/07

Imeall #183: Meascáin!!

Níl aon iontráil fós ag tobar na téarmaíochta, focal.ie, don bhfocal mashup. Ní h-aon iontas an méid sin, mar is focal cuíosach nua é tríd is tríd. Ach más amhlaidh dó, measann daoine áirithe gur focal cuíosach tabhachtach é, agus an ...
11/22/07

Físbhlagadóir na Ceithre Scór

Ar chuala tú an scéal faoin bhfísbhlagadóir in aois a cheithre scór? Tá cónaí ar Peter Oakley faoin dtuath, i lár na tíre i Sasana. Tá ríomhaire agus ceamara gréasán aige, ceangal leis an idirlíon agus aigne bheo. Pléann sé cúrsaí an ...
11/08/07

Imeall #182: Fíor-Chomhluadar na bhFíor-Ghael

Bhí áthas orm cuireadh a fháil ó Chomhairle Chontae an Chláir, chun freastal ar sheoladh a scéim teanga Dé Luain seo chaite in Inis. Is breá liom a bheith ag bladar le Gaeilgeoirí ar an idirlíon gach aon lá – ach ní sháraíonn sé sin ...
10/11/07

Imeall #181: An Bua ag an Slua

Reachtálfar PodChampa Éireann i gCill Chainnigh Dé Sathairn seo chugainn, ar mahithe le h-eolas a roinnt faoin bpodchraoltóireacht, faoi “na meáin shóisialta”, agus faoin slí ina gcuirtear i bhfeidhm iad i gcúrsaí gnó, oideachais, ...
09/27/07

Lá Breithe Sona, a Raidió Fáilte

Tá Raidió Fáilte, stáisiún Gaeilge Bhéal Feirste, ag ceiliúradh bliain ar an bhfód inniu. Tá an-áthas orm go bhfuair An tImeall cuireadh go dtí an chóisir, agus táim ag tnúth go mór leis an ócáid um thráthnóna sa Chultúrlann.Go raibh ...
09/15/07

Imeall #180: Meitheal Meebo

Tá meithil an idirlín pléite go minic cheana againn: an tslí in a ghlacann an pobal páirt i bhforbairt bhogearra éigin, ar mhaithe leis an bpobal. Ní neart go cur le chéile, agus tá roinnt mhaith ríomhchlár agus seirbhísí gréasán nach ...
08/28/07

Imeall #179: Trá Gan Ghaeilge

Ní chaithimse mórán ama ag machnamh ar stáid ná ar shláinte na Gaeilge. Ní fhéadfainn a rá an fíor nó nach fíor go bhfuil na Ghaeilge ag fáil bháis mar, chun an fhírinne a rá, ní maith liom smaoineamh air.Sílim go bhfuilim ar nós ...
08/21/07

Imeall #178: Eolaithe Óga agus Caifé Oscailte

In 2005 b’é Patrick Collison ó Chontae Thiobrad Árann a thug leis an chraobh ag Comórtas na nEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath. Cé nach raibh sé ach san idirbhliain i gColáiste Chaladh an Treoigh i Luimneach ag an am, dhein sé A-Levels an ...
08/16/07

Imeall #177: Sceallóga Silicon agus Polcaí

Má tá suim agat sa phodchraoltóireacht beidh deis agat níos mó a fhoghlaim fúithi ag Podchampa Éireann a bheidh á reachtáil i gCill Chainnigh ar an 29ú Meán Fomhair.“Neamhchomhdháil” atá sa Phodchampa. ‘Sé sin le rá go bhfuil sé ina ...
08/07/07

Imeall #176: An Líonra Soghluaiste

“’Sé an líonra an ríomhaire”, dúirt John Gage ó Sun Microsystems i 1984. Táimíd fós ar an mbóthar chun an aisling sin a fhíorú, ach tá dul chun cinn mór á dhéanamh i láthair na h-uaire.Nach cumasaí go mór an ríomhaire bóird agus ...
07/31/07