Ní déarfainn go bhfuil bás na sean-bhlagadóireachta chugainn fos, ach ní mór a admháil go bhfuil sí cuíosach tinn mar sin féin!
Luaigh mé Twitter an tseachtain seo chaite, agus an tslí 'na bhfuil sean-laochra na mblaganna chomh gafa leis an twitteráil. Is é
show more...
Twitter an seomra comhrá síoraí. Aon duine a bhain úsáid riamh as IRC (Internet Relay Chat), aithneoidh siad na cosúlachtaí.
Módh gasta, saoráideach is ea Twitter chun gearr-thuairiscí a chaitheamh amach i sruth na smaointe. Do chuid smaointe fánacha, nó machnaimh leath-chríochnaithe. Nó is féidir leat ceist a chur, féachaint an bhfuil an freagra ag éinne i measc do shlua comrádaithe féin.
Ach fós féin, níl ann ach téacs. Caithfidh tú do theachtaireacht a bhualadh amach ar na cnaipí. Más cnaipi fón iad, is measa fós é. Faoin am go mbíonn do theachtaireacht cumtha, scríofa, agus seolta agat, tá an nóimeád imithe, agus in éineacht leis tá an mothuchán a spreag an teachtaireacht ar dtús.
Sin é an chúis go ndeirimse go minic gur féidir leat do shaol a mhaireachtaint, nó is féidir leat é a bhlagáil, ach ní féidir leat an dá rud a dhéanamh!
Nó an féidir? Samhlaidh tú féin ag ocáid éigin, seó faisin b'fhéidir, agus teastaíonn uait a chur in iúil do cháirde ag baile cad tá ar siúl. D'fhéadfá cromadh ar na cnaipí, ach cén mhaith é sin chun na h-éadaí taibhsiúla a leiriú? Ach leis an seirbhís cumarsáide nua Qik tá rogha eile agat: beo-chraoladh teilifíse ó do fón póca go dtí do leathanach pearsanta ar qik.com. Is stáisiún teilifíse i do phóca é Qik, agus tá lucht leanta Twitter, ach go h-áirithe, an-thógtha go deo leis. Ní nach ionadh, tugann sé freagra níos fearr fós ar an gceist: "Cad 'tá ar siúl agat?". Nílim chun é a rá leat - taispeánfaidh mé duit!
An sheans go mbeidh sruthanna Qik dá seoladh oíche anocht ag Óstán an George i Luimneach. Tionólfaidh an eagraíocht nua TechLudd ócáid eile sa tsraith cruinnithe neamhfhoirmeálta míosúla do úrchomhlachtaí teicneolaíochta atá acu. D'éirigh thar barr leis an gchéad cheann an mhí seo chaite. D'fhreastal breis agus 100 ar an gcruinniú sin i mBaile Átha Cliath. Deis eile caidrimh agus comhluadair a bheidh anocht ann, agus beidh roinnt chomhlachtaí ag taispeáint a gcuid táirgí agus seirbhísí chomh maith. Moltar clárú roimhré. Tá tuilleadh eolais ag techludd.com.
Lipéid: irishblogs, gaeilge, twitter, qik, fís
show less...